You are currently viewing 5 Cúis Tabhairt Fé ‘Ride Dingle’ 2020! – celebrate Seachtain na Gaeilge!

5 Cúis Tabhairt Fé ‘Ride Dingle’ 2020! – celebrate Seachtain na Gaeilge!

Reading Time: < 1 minute

5 Cúis Tabhairt Fé ‘Ride Dingle’ 2020!

  1. Mar is féidir leat!

Tá dhá bhealach againn, lúb 55km Cheann Sléibhe & Lúb an Chonair, rud a chiallaíonn go bhfuil an eachtra seo oiriúnach do dhaoine de gach cumas rothaíochta.

 

  1. Ní h-amháin gur dúshlán pearsanta é, beidh tú ag tacú le carthanachtaí áitiúla chomh maith!

Tá Club Rothaíochta an Daingin agus Elite Events sásta bheith ábalta tacaíocht a thabhairt do charthanachtaí áitiúla, le tabhartais os cionn €16.5k scaipthe i measc carthanachtaí agus grúpaí pobail áitiúla i ndiaidh ócáid na bliana seo caite.

 

  1. Mar is áit iontach í an Daingean!

Tá sé seo ar eolas ag muintir Chiarraí cheana féin- tá gach duine eile díreach ag breith suas! Ag an imeacht seo, cífidh tú an baile iontach, fuinnimhiúil féin, agus an gcósta agus an tírdhreach mórthimpeall na leithinse. Beidh tú ábalta taitneamh a bhaint as fháilteachas Chiarraí. Déan deireadh seachtaine de agus bain triail as cuid de na heispéiris iontacha eile atá ar fáil ar an leithinis- níos mó eolais anseo.

 

  1. Beidh tú ábalta leithinis Chorca Dhuibhne a rothaíocht ar lá go mbeidh an mbóthar dúnta in áiteanna

Beidh an mbóthar idir an Daingean agus Ceann Sléibhe dúnta go trácht seachas na rothaithe ar mhaidin na h-imeachta. Beidh An Chonair á dhúnadh chomh maith (tá na nithe seo le ceadú go fóill). Tóg an deis tabhairt fé bhóithre Chorca Dhuibhne ar lá oiriúnach mar seo.

 

  1. Lá iontach a bheidh ann!

Beidh atmaisféar iontach timpeall an bhaile, le clárú ar siúl oíche Dé hAoine sa bhaile. ‘Siad na bealaí rothaíochta an chuid is tabhachtaí den lá, ach beidh líne chríche iontach ann chomh maith le neart siamsaíochta agus bia- spraoi don gclann ar fad!

 

Téir go www.ridedingle.com chun tuilleadh eolais a fháil.