Tá ‘Elite Event Management’ bunaithe i gCiarraí agus eagraíonn siad Rothaíocht ‘Mórchuaird Bhéara’ sa Neidín, chomh maith leis an tsraith eachtraíochta ‘Quest’, Rith Chill Airne, agus eachtraí eile.
Tá deá-cháil bainte amach acu in eachtraí spreagúla, uathúla, a bhfuil éileamh mhór orthu, a eagrú.
Tá an ócáid seo á rith ag Club Rothaíochta an Daingin ag leibhéal áitiúil ar feadh roinnt mhaith blianta. Tá siad anois ag dul i mbun páirtnéireachta le ‘Elite Events’ chun níos mó daoine a thabhairt chun an Daingean do rothaíocht bhliantúil an deireadh seachtaine saoire bainc i Mí Bealtaine. Tá lucht eagraithe na h-ócáide an shásta dul i bpáirtíocht le Pobal Camphill sa Daingean chun feasacht a chruthú agus airgead a bhailiú don gcarthanacht ón ócáid. Oibríonn Pobail Camphill leo siúd le míchumas intleachtúil agus riachtanais speisialta eile.